Новости

История

Лица

Галерея

Творчество

Словарь незнакомых слов и фамилий

Ссылки

Гостевая Книга

 

Декларация независимости:

Временное правительство Ирландской Республики народу Ирландии:

A fheara agus a mhná na hÉireann, in ainm Dé agus in ainm na nglún a chuaigh romhainn agus óna bhfuair sí seanoideas na náisiúntachta, tá Éire, trínne, ag gairm a clainne faoina bratach agus ag bualadh buille ar son a saoirse... Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte, ceart mhuintir na hÉireann chun seilbh na hÉireann, agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan cheataí...

Ag seasamh dúinn ar an gceart bunaidh sin agus á dhearbhú aris faoi airm os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Poblacht na hÉireann ina Stát Ceannasach Neamhspleách, agus cuirimid ár n-anam féin agus anam ár gcomrádaithe comhraic i ngeall lena saoirse agus lena leas agus lena móradh i measc na náisiún...

Cuirimid cúis Phoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mór na nUilechumhacht agus impímid a bheannacht ar ár n-airm; iarraimid gan aon duine a bheas ag fónamh sa chúis sin, a tharraingt easonóra uirthi le mílaochas, le mídhaonnacht ná le slad. San uain oirbheartach seo is é dualgas náisiún na hÉireann a chruthú lena misneach agus lena dea-iompar agus le toil a clainne á dtoirbhirt féin ar son na maitheasa poiblí, go dtuilleann sí an réim ró-uasal is dán di.

Arna shíniú thar ceann an Rialtais Shealadaigh:

Tomás Ó Cléirigh
Seán Mac Diarmada
Tomás Mac Donnchadha
Pádraig Mac Piarais
Éamann Ceant
Séamus Ó Conghaile
Seosamh M. Pluincéid.

Примечание: Текст приводится в сокращённом виде по изданию: Glór na hÉireann. Nualéitheoir Gaeilge le haghaidh Meánscoileanna agus Gairmscoileanna, BÁCl., 1962, l. 69.

Орфография частично модернизирована.

Взято с irish.ru

Hosted by uCoz